Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-11-25-Speech-2-366-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20141125.25.2-366-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, tá sé aitheanta ag beagnach gach Feisire sa Pharlaimint seo go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil fiachais bhuiséad na hEorpa slán. Mura n-íoctar iad tá na himpleachtaí do-ghlactha.
Anuraidh, mar gheall ar an staid seo, níor éirigh leis an Aontas Eorpach aon pholasaithe nó cláir a chur i bhfeidhm, go háirithe iad siúd a bheadh ábalta fostaíocht agus fás a chruthú.
Tá sé seo go léir ag tarlú in am nuair atá Ballstáit na hEorpa ag streachailt; in am ina bhfuil an tAontas Eorpach ag dul i dtreo géarchéime don tríú bliain, agus in am a bhfuilimid cóngarach do dhíbhoilsciú. Ní féidir linn ligint don rud céanna tarlú arís i 2015. Tá tuilleadh acmhainní ag teastáil do phoist agus fás. Sin é an gealltanas a thug an Chomhairle dúinn.
Tá tionchar ag an staid seo ar thús chlár 2014-2020 agus mar aon leis sin, tá torthaí diúltacha eile ar inbhuanaitheacht airgeadais do pháirtithe leasmhara na sochaí sóisialta. Caithfear aisíocaíocht a dhéanamh agus a thabhairt do Bhallstáit, gnóthaí beaga agus meánmhéide, ionaid taighde agus ollscoileanna. Tá daoine ag fanacht ar an méid a bhí geallta dóibh, agus níl siad ábalta fanacht ar an gComhairle ach oiread atá ag glacadh i bhfad an iomarca ama. Tá straitéis nua ag teastáil agus tá sé ag teastáil go luath.
Mura dtabharfaimid aire do bhuiséad 2014 anois, conas a bheimid ábalta aire a thabhairt do bhuiséad 2015? Is é seo atá ag déanamh damáiste do chreidiúnacht an Aontais Eorpaigh agus tá géarghá ann go bhfuil sé ar chumas an Aontais Eorpaigh na fiacha seo a íoc agus aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo. Tá sé díreach uafásach; ní féidir linn leanúint ar aghaidh mar seo."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples