Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-10-21-Speech-2-446-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20141021.24.2-446-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, gheall an Chomhairle go raibh siad chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus is léir ón dréachtbhuiséad seo go bhfuil an gealltanas sin tréigthe acu agus go bhfuil siad sásta leanúint ar aghaidh sa treo céanna. Aithnítear go forleathan go bhfuil an méid déine atá ag teacht ón Eoraip ag cur brú ollmhór ar ghnáthdhaoine. Tá sé mhíle dhéag daoine i gContae Chiarraí i mo thír féin ag dul agus ag baint úsáid as banc bia. Timpeall na hEorpa tá na mílte páistí ag maireachtáil i mbochtanas agus tá an scéal seo ag dul in olcas. Is fadhb ollmhór í an eisimirce chomh maith leis na céadta daoine ag fágaint ár dtír. Is daoine óga atá ag fágaint mo thír, an Ghréig, an Spáinn agus an Iodáil agus an Eoraip – iadsan ár dtodhchaí. Tá sé soiléir chomh maith go bhfuil tíortha éagsúla ag fulaingt níos mó ná tíortha eile agus ba mhaith liom fáil amach cad atá sé i gceist a dhéanamh chun na difríochtaí ollmhóra idir na Ballstáit go léir a shocrú. Mar aon leis sin, tá an neamhshuim atá léirithe ag an gCoimisiún i dtaobh na n-iascairí scannalach. In Éirinn tá ár bpobal iascaireachta i gcruachás mór agus is léir nach bhfuil mórán dóchais dóibh ann don todhchaí le tuilleadh gearrtha siar atá i ndán dóibh i 2015. Tá traidisiún phobal an chósta á scriosadh, ní hamháin ar chúrsaí eacnamaíochta ach táthar ag cur deireadh le traidisiún cultúrtha atá ag dul i bhfad siar. Caithfear an bunstruchtúr a chur in ord go luath ionas go mbeidh fás agus borradh fós ann agus go mbeidh luach á chur i ndaoine mar idir an dá linn tá postanna agus slí bheatha daoine scaoilte le fána agus imithe le sruth. Mar sin tá dualgas agus freagracht ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle dul i ngleic leis an bhfadhb seo."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph