Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-10-21-Speech-2-399-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20141021.23.2-399-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, dar leis an gCoimisiún ag deireadh 2013 bhí easnamh i mbuiséad an Aontais de níos mó ná EUR 23.4 billiún i bpolasaithe comhtháthaithe. Inniu tá Ballstáit ag fanacht ar íocaíochtaí, ar éilithe dlisteanacha agus mar thoradh ar seo tá tionchar thar a bheith diúltach aige seo ar ollscoileanna, institiúidí taighde, gnóthaí beaga agus meánmhéide agus tús éifeachtach na gclár éagsúil i gcomhair 2014-2020. I mo thír féin, tá cosc curtha ar éilithe íocaíochta de EUR 51 milliún –EUR 24 milliún i gCiste Sóisialta na hEorpa agus EUR 27 milliún i gCiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. Is léir nach bhfuil rud ar bith athraithe, go leor airgid ag dul go dtí na bainc agus gan faic ag dul go dtí na daoine. Tá mé ag iarraidh fáil amach an bhfuil aon mheasúnú déanta maidir leis an méid daoine atá ag fulaingt de bharr na moilleanna seo. Go háirithe, cé mhéad daoine ar chaill a bpost nó atá i mbaol a bpost a chailliúint i ngnóthaí beaga agus meánmhéide. Cé mhéad clár d'fhorbairt réigiúnach, iascairí agus institiúidí taighde atá i mbaol mar gheall ar an bpraiseach seo."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph