Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-09-16-Speech-2-241-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20140916.18.2-241-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, caithfidh mé a rá go bhfuil an-imní orm maidir leis an dréachtbhuiséad do 2015 mar go bhfuil níos mó ciorruithe le teacht. Tá an chuid is mó de na ciorruithe ag teacht ó Theideal 1A agus Horizon 2020 agus téann sé seo i gcoinne gealltanas a thug an Chomhairle chun infheistíocht a dhéanamh i bpostanna agus fás agus tógann sé ón mbunaidhm chun infheistiú a dhéanamh i ndaoine. Maidir le Horizon 2020, ní féidir glacadh leis an ngearradh de 41.4 % go háirithe agus é ag cur tograí cosúil le Marie Curie i mbaol agus é chomh lárnach i dtaobh an idéalachais don taighde. Is sárú é an moladh seo den chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020. Tá an neamhshuim atá léirithe ag an gCoimisiún i dtaobh na n-iascairí scannalach. Dʼfhéadfá a rá go bhfuil mórfhaillí taispeánta agus is náireach agus is uafásach iad na ciorruithe atá molta sa doiciméad seo. Tugadh mandáid dúinn ó mhuintir na hEorpa agus tháinig teachtaireacht shoiléir uathu agus is é sin go gcaithfear bogadh ó na beartais déine. Dá mbainfí úsáid as gnáthchiall agus cleachtas maith gnó bheadh sé soiléir go gcaithfear infheistíocht a dhéanamh chun iarmhéid bainc sláintiúil a chruthú. Tá pionóis á ghearradh orainn mar gheall ar bhotúin ón am a chuaigh thart leis an mbuiséad neamhréalaíoch seo."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph