Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-04-17-Speech-4-200-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20140417.39.4-200-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, arís bhí áthas orm tacaíocht a thabhairt don tuarascáil seo agus vótáil mé le mo ghrúpa ins na vótaí go léir. Bhuamar an chuid is mó díobh; chailleamar ceann nó dhó, ach tarlaíonn sé sin. Ag deireadh na dála, bhí áthas orm gur ghlac 461[nbsp ]Fheisire as 559 a vótáil leis an tuarascáil.
Dá bhrí sin is féidir linn bualadh ar aghaidh le Comhaontú Saorthrádála idir Vítneam agus an tAontas Eorpach a bheith againn. Tá sprioc againn é seo a bheith críochnaithe roimh dheireadh na bliana seo. Is maith an sprioc é sin agus tá súil agam go n-éireoidh linn é a chur i bhfeidhm.
Rud amháin ba mhaith liom a rá: caithfimid a bheith ar an airdeall go háirithe faoin tslí a gcuireann an Comhaontú seo isteach ar an tionscal talmhaíochta. Ceapann a lán daoine go ndéanfaidh sé díobháil don tionscal talmhaíochta. Dá bhrí sin, caithfimid a bheith ar an airdeall faoin rud sin; ansin ba chóir dúinn Comhaontú Saorthrádála a bheith againn le Vítneam a bheidh an-mhaith ar fad."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples