Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-04-15-Speech-2-507-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20140415.70.2-507-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Vótáil mé i bhfabhar na scéime tráthúla nua fógraíochta seo lena mbeidh fáil ag táirgí talmhaíochta Eorpacha ar mhargaí nua. Spreagfaidh Scéim Fógraíochta an AE eolas i measc tomhaltóirí ar ard-chaighdeán táirgíochta táirgí talmhaíochta Eorpacha agus ar scéimeanna cáilíochta Eorpacha cosúil leis an tásc geografach faoi chosaint agus an t-ainmniú cosanta tionscnaimh.
Cuirfear béim ar mhargaí nua a oscailt do tháirgí Eorpacha, go háirithe i dtríú tíortha le cumas ard fáis, ar mhaithe le cumas iomaíochta domhanda earnáil talmhaíochta an AE a fheabhsú. Beidh méadú suntasach faoin scéim ar bhearta fógraíochta, ag dul ó EUR[nbsp ]61.5 milliún sa bhliain 2013 go EUR[nbsp ]200 milliún i 2020, le buiséad iomlán de EUR[nbsp ]800 milliún ann.
Tá 85% de bhia agus bia mara na hÉireann á onnmhairiú go 160[nbsp ]tír ar fud an domhain ag 600[nbsp ]comhlacht bia agus dí Éireannacha. Is fiú EUR[nbsp ]25 billiún don gheilleagar an earnáil seo agus tá breis is 150,000 duine fostaithe inti, ach tá cumas fáis inti i gcónaí, go háirithe i margaí nua éiritheacha an domhain.
Ní mór go gcuirfí béim anois ar an gcomhoibriú le táirgeoirí bia agus dí Éireannacha agus iad a spreagadh chun stádas cosanta agus maoiniú Eorpach a lorg chun go mbeadh siad in ann a dtáirgí a chur i lár aontaí nua."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples