Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-02-05-Speech-3-501-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20140205.60.3-501-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"San am atá thart bhí aerlínte in ann teacht i dtír ar an reachtaíocht chasta a bhí i bhfeidhm do chearta aerphaisinéirí, lena raibh trí rialachán agus neart éiginnteachtaí i gceist agus a bhí á cur i bhfeidhm i mbealaí éagsúla i mBallstáit éagsúla. Déanann an tuarascáil seo na rialacha comónta sin a fheabhsú agus a shoiléiriú. Fearaim fáilte roimh a bhfuil sa tuarascáil maidir le rialacha comónta a bheith i bhfeidhm do chúiteamh d’aerphaisinéirí i gcás moill fada nó eitiltí a chuirtear ar ceal. Is suaimhneas intinne a bheidh ansin do phaisinéirí agus is cinnteacht dhlíthiúil agus simpliúchán praiticiúil a bheidh ann d’aerlínte. Beidh earraí cosúil le málaí láimhe agus cótaí ceadaithe sa chábán, chomh maith leis an mbagáiste cábáin a bhí ceadaithe i gcónaí. Tá feabhas curtha ar rialacha i dtaca le ríomhairí glúine, uirlisí ceoil agus trealamh a bhíonn ag teastáil ó phaisinéirí le míchumas. Ní bheidh aerlínte in ann diúltú a thuilleadh do phaisinéirí nach bhfuil an eitilt amach glactha acu áit a thógáil ar eitilt fillte. Ní mór, freisin, go mbeadh an praghas a fhoilsítear i gcomhréir leis an bpraghas a ghearrtar ar deireadh agus is cosaint bhreise a bheidh ansin d’aerphaisinéirí."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples