Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-02-04-Speech-2-514-500"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20140204.52.2-514-500"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"I neart pobail tuaithe in Éirinn, agus i gceantair iargúlta nó mhídheisiúla go háirithe, ní mórán gníomhaíochta eacnamúla inmharthana atá ann taobh amuigh de chúrsaí talmhaíochta. Tá feirmeacha beaga agus teaghlaigh ar chroílár earnáil talmhaíochta na hÉireann ach fós tá orthu dul i ngleic le costais atá ag ardú i gcónaí, le héagothromaíochtaí sa mhargadh agus leis an rómhaorlathas agus le hualach suntasach riaracháin. Is bunchloch na gceantar tuaithe iad feirmeacha beaga agus tuaithe, a chuireann fostaíocht ar fáil do phobail tuaithe, a chosnaíonn an bhithéagsúlacht agus a chuireann táirgí talmhaíochta ar ardchaighdeán sláinte, slándála agus comhshaoil ar fáil. Is Bliain Feirmeoireachta Teaghlaigh na Náisiún Aontaithe atá ann i mbliana agus ní mór go mbeadh luach a chuid oibre á fháil acu siúd a bhíonn ag obair ar feirmeacha beaga agus teaghlaigh ar fud na hÉireann, agus i gceantair iargúlta agus mhídheisiúla go háirithe. Tá difríochtaí móra ann in AE ar an méid a thuigtear le feirm bheag agus dá bhrí sin ní mór do na Ballstáit na cláir atá acu faoi Cholún II a chur in oiriúint d’fheirmeacha beaga a dtír féin chun forbairt inmharthana feirmeacha agus cursaí talmhaíochta teaghlaigh a chinntiú."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph