Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-11-20-Speech-3-458-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20131120.56.3-458-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Vótáil mé i bhfabhar na tuarascála maidir le forbairt tuaithe.
Fearaim fáilte ar leith roimh an tsolúbthacht lena mbeidh na Ballstáit in ann na tosaíochtaí a chur in oiriúint dá riachtanais shainiúla féin agus gan orthu dul i ngleic le rómhaorlathas na ‘n-aiseanna’, rud a chur isteach go mór ar an gclár go dtí seo.
Tacaím leis an gcinneadh 5% den mhaoiniú a chaitheamh ar chláir LEADER. Cabhraíonn na cláir sin go mór le borradh geilleagair áitiúil, leis an gcruthú poist agus le pobail tuaithe a spreagadh. Ní mór do na rialtais náisiúnta a lántacaíocht a thabhairt do chlár LEADER agus an ghné sin den dara colún a chur i bhfeidhm gan mhoill.
Is dearfach iad na bearta a bhaineann le feirmeoirí óga agus cabhróidh siad le próifíl aoise earnáil talmhaíochta AE a athrú. Tabharfaidh na deontais tosaithe d’fheirmeoirí óga agus beaga spreagadh don earnáil agus spreagfaidh siad nuáil i gcúrsaí talmhaíochta AE.
Fearaim fáilte freisin roimh an tacaíocht airgid atá ann don fhoraoiseacht. Chuir mé féin béim ar leith ar thacaíocht a thabhairt do na Seirbhísí Comhairleacha Talmhaíochta agus bheinn ag súil go n-úsáidfí acmhainní méadaithe na seirbhísí sin chun dul i ngleic le ceisteanna sábháilteachta feirme."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples