Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-11-20-Speech-3-438-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20131120.54.3-438-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Tacaím go hiomlán lena bhfuil sa tuarascáil seo maidir le tras-chomhlíonadh agus maidir le cur chuige comhréireach a bheadh bunaithe ar riosca a chur i bhfeidhm.
Laghdóidh an tsolúbthacht atá ann do na Ballstáit méid na scrúduithe ar an láthair ag brath ar an riosca a bhíonn i gceist leis na scrúduithe riaracháin iomadúla neamhriachtanacha a dhéantar ar fheirmeoirí i láthair na huaire.
Fearaim fáilte freisin roimh chóras ‘luathrabhaidh’ a chur i bhfeidhm d’fheirmeacha i gcás neamhchomhlíonta den chéad uair. Is minic a ghearrtar pionós thar cuimse ar fheirmeoirí i gcúrsaí neamhchomhlíonta, agus leis an ‘gcárta buí’ seo bheifí in ann bearta leasúcháin a chur i bhfeidhm gan pionós airgid a ghearradh.
Tá neart suaite i ndán d’fheirmeoirí agus chuige sin tacaím leis an gcinneadh na pionóis ‘ghlasaithe’ a chur ar fionraí ar feadh tréimhse dhá bhliain chun go mbeadh a ndóthain ama ag feirmeoirí na forálacha nua a chur i bhfeidhm."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples