Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-11-20-Speech-3-083-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20131120.4.3-083-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Mura mbíonn beartas inoibrithe cóir i bhfeidhm d’fheirmeoirí, d’fhéadfadh go gcuirfí todhchaí pobail tuaithe, beatha na gcéadta feirmeoirí agus slándáil an tsoláthair bhia i mbaol. Nuair a bheartaíomar dul i mbun an phróisis leasuithe seo bhí trí phríomhaidhm i gceist: aisíoc cóir a thabhairt ar obair mhaith, cúrsaí inmharthanachta a fheabhsú agus an t-ualach riaracháin neamhriachtanach a bhíonn ar fheirmeoirí a laghdú. Ar baineadh na haidhmeanna sin amach? Is léir domsa agus dóibh siúd a bhíonn ag feidhmiú sna córais nua gur a mhalairt a tharla i gcás an ualaigh riaracháin. In ainneoin sin, leis an tsolúbthacht atá ann tá an deis ann i gcónaí do na rialtais náisiúnta glacadh le creat an chláir agus CBT nua-aimseartha agus inoibrithe a chur i bhfeidhm d’fheirmeoirí a dtír féin. Tá rudaí maithe i gceist leis an leasú, go háirithe an scéim d’fheirmeoirí óga, an rogha atá ann breisiú a fháil ar an gcéad chúpla heictéar, tacaíocht chúpláilte roghnach agus an bhéim a chuirtear ar fheirmeoirí gníomhacha. Beidh daoine thíos chomh maith le thuas leis an aistriú chuig samhail nua don chóineasú inmheánach agus ní mór do na Ballstáit a chinntiú go dtabharfaí aghaidh ar dhá thaobh an scéil."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
"i scribhinn"1
|
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples