Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-10-22-Speech-2-403-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20131022.35.2-403-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Is le fadhbanna le cleachtais fógraíochta míthreoracha is mó a bhaineann an comhfhreagras a thagann isteach chugam ó mhuintir mo thoghcheantair agus is minic a bhíonn gnólachtaí beaga thíos leis de bharr scéimeanna míthreoracha fógraíochta agus na foirmeacha míthreoracha íocaíochta a théann leo siúd. Is minic a dhéanann na comhlachtaí mailíseacha sin bagairt nó ciapadh ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Is cosúil go bhfuil reachtaíocht ghinearálta Eorpach ann a bhaineann leis an ábhar seo, ach ina ainneoin sin ciallaíonn gníomhachtaí trasteorann na ceiste go mbíonn sé deacair go minic ar ghnólachtaí beaga cúnamh agus eolas cruinn ceart a fháil. Bíonn deacracht i gceist uaireanta leis na difríochtaí atá ann idir na Ballstáit maidir leis an gcosaint a chuirtear ar fháil do ghnólachtaí. Chuige sin, ní foláir don Choimisiún treoracha dea-chleachtais a chur ar fáil d’eagraíochtaí feidhmithe náisiúnta agus comhoibriú a spreagadh idir na Ballstáit ar mhaithe le dul i ngleic le cleachtais mhíthreoracha na gcomhlachtaí atá i gceist. Tacaím le moladh an rapóirtéara i dtaca le tuilleadh a dhéanamh ó thaobh cúrsaí coisc, eolais, feidhmithe agus ionchúisimh de. Ní mór dúinn a chinntiú go mbíonn cosaint níos fearr ón gcleachtas mailíseach ann d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph