Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-10-10-Speech-4-079-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20131010.4.4-079-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, is feiliúnach dúinn tuarascáil an choiste seo a phlé ar maidin, go háirithe ós rud é gurb í seo Bliain an tSaoránaigh, mar geibheann a lán saoránach cluas a éisteann leo agus cinneadh a thugann cothrom na Féinne dóibh anseo sa Pharlaimint nuair nach mbíonn sé ar fáil ina dtír féin. Ní nach ionadh mar sin gur cláraíodh 1 985 achainí anuraidh agus fuarthas go raibh 1 408 díobh inghlactha. Sin 70 %. Tá sé sin sásúil, ach d’fhéadfadh sé a bheith níos sásúla agus níos airde dá mbeadh téarmaí níos leithne ag an gcoiste agus dá mbeadh na téarmaí sin ar eolas ag saoránaigh. Bíodh sin mar atá, caithfidh mé a rá go raibh mé ar thascfhórsa ar shaoránacht ghníomhach i mo thír féin cúpla bliain ó shin. Rinneamar a lán moltaí. Tá áthas orm a rá, gur glacadh le ceann de na moltaí sin ag an rialtas atá againn faoi láthair: is é sin, tá siad tar éis Coiste um Achainíocha a bhunú sa pharlaimint díreach cosúil leis an gcoiste atá againn anseo. B’fhiú do thíortha eile féachaint leis an rud sin a dhéanamh chomh maith. Ba mhaith liom a rá freisin, go raibh sé de phribhléid agam cúpla bliain ó shin achainí a thabhairt os comhair an choiste maidir le mo dhúiche féin. Bhí ionad dumpála nimhiúil in ; thugamar an cás os comhair an choiste; fuarthas ina fhabhar agus dá bharr sin thug an rialtas EUR 40 milliún chun an t-ionad dumpála sin a ghlanadh. Agus anois, tá an áit i bhfad níos sláintiúla agus i bhfad níos sábháilte agus beidh níos lú ailse san áit sin de bharr an chinnidh a rinne an coiste an uair sin. Sin eiseamláir den dea-obair a dhéanann an coiste."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
"Haulbowline"1
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph