Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-10-08-Speech-2-308-500"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20131008.31.2-308-500"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Is baill muid den pháirtí polaitiúil in Éirinn a chur cosc sa bhliain 2004 ar thobac a chaitheamh laistigh – an chéad tír san AE a rinne a leithéid – agus vótálamar i bhfabhar na reachtaíochta tábhachtaí seo.
Thacaíomar go háirithe leis an moladh íosmhéid de 65% d’fhógraí rabhaidh a bheith ar chlúdach toitíní. Ós rud é go bhfuil tuairiscí ann ó dhaoine a dhearbhaíonn gur chabhraigh na toitíní leictreonacha leo éirí as an gcaitheamh tobac, ní rabhamar sásta, áfach, tacú le moladh an Choimisiúin na toitíní leictreonacha sin a chur ar fáil le hoideas amháin. Thiocfadh sé sin salach ar na cuspóirí i dtaca le daoine a spreagadh chun éirí as an gcaitheamh tobac.
Faigheann 700 000 duine sa bhliain bás san AE ón tobac agus is é an caitheamh tobac an phríomhchúis inchoiscthe báis. Tá éirithe go maith le roinnt blianta anuas le hiarrachtaí maidir le rátaí caithimh tobac a ísliú: 40% de mhuintir an AE a chaith tobac i 2002 agus is 27% an figiúr a bhí ann anuraidh. Tacaímid go láidir le bearta na tuarascála i dtaca le díspreagadh a thabhairt do dhaoine tobac a chaitheamh agus i dtaca le cabhrú leo siúd a dteastaíonn uathu éirí as."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples