Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-07-01-Speech-1-137-500"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130701.17.1-137-500"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Gortaítear 1.5[nbsp ]milliún duine sa bhliain ar bhóithre na hEorpa agus meastar go mbíonn ceithre dhianghortú (e.g. damáiste don inchinn nó do chorda an dromlaigh), 10[nbsp ]dtromghortú agus 40[nbsp ]mionghortú ann in aghaidh gach bás ar bhóithre na hEorpa, agus costas EUR[nbsp ]130 billiún sa bhliain i gceist.
Cé go bhfuil feabhas ag teacht ar staitisticí sábháilteachta in Éirinn, agus ceann de na rátaí báis ar bhóithre is ísle in AE againn, ní mór go leanfaimis ag déanamh iarrachta cúrsaí sábháilteachta a fheabhsú ar mhaithe le tiománaithe, rothaithe agus coisithe a chosaint.
Chuir an Plean Gníomhaíochta maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre 2001-2010 go mór le hiarrachtaí AE agus na mBallstát feabhas a chur ar chúrsaí sábháilteachta. Ní foláir go leanfaí leis an dea-obair sin faoin gClár Eorpach maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre 2011-2020, a leagann síos pleananna uaillmhianacha i dtaca le laghdú de 50% ar na básanna ar bhóithre na hEorpa a bhaint amach sna deich mbliana atá amach romhainn.
Fearaim fáilte roimh an gceist thráthúil seo agus aontaím le mo chomhghleacaithe a mhéid a bhaineann le bearta chun dianghortuithe a laghdú faoi 2020. Tacaím go háirithe leo siúd atá ag iarraidh go mbeadh lámhleabhar ann do chúram leighis ar an láthair i gcás tionóiscí tráchta."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples