Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-05-21-Speech-2-613-250"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20130521.43.2-613-250"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Níl ach 5 % de na leabhair a fhoilsítear ar fáil i leaganacha a bheadh oiriúnach dóibh siúd a mbíonn deacrachtaí acu le téacs clóbhuailte agus ní bhíonn leagan inrochtana ar bith ar fáil i gcás 95 % d’fhoilseacháin. Cé go bhfuil sé mar aidhm ag an dréachtchonradh go ndéanfaí comhchuibhiú ar eisceachtaí d’fhonn acmhainní a roinnt ar mhaithe le leaganacha inrochtana a chur ar fáil, is léir ón méid atá le rá ag eagraíochtaí a bhíonn ag gníomhú ar son lucht lagamhairc go bhfuil fadhbanna móra ag baint le hAirteagal D agus le hAirteagal E. Cuireann Airteagal D agus Airteagal E iallach ar na heagraíochtaí sin leabhair a bhíonn ar fáil ar bhonn trádála i leaganacha inrochtana a aimsiú; ní amháin ina dtír féin ach thar lear freisin. Is costas agus ualach iomarcach a bheadh sa mhéid sin. Ní mór go mbeimis ag déanamh iarrachta fáil réidh leis na bacainní a bhíonn ann do dhaoine faoi mhíchumas, in ionad rialacháin agus maorlathas breise a chruthú dóibh. Is léir, ó thaobh eisceachtaí agus teorainneacha cóipchirt de, go mba chóir spreagadh breise a thabhairt do shealbhóirí cóipchirt chun leaganacha inrochtana dá saothar a chur ar fáil."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph