Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-03-12-Speech-2-273-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130312.35.2-273-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Is tráthúil atá sé, agus níos mó agus níos mó tomhaltóirí ag siopadóireacht ar líne agus leis an gcaidreamh idir díoltóirí agus tomhaltóirí go minic ina chaidreamh tras-teorann na laethanta seo, go bhfuil suíomh idirghníomhach gréasáin curtha ar fáil ionas go mbeadh láthair tosaigh cinnte amháin ann chun aighnis áirithe a réiteach gan dul chuig na cúirteanna, cosúil le haighnis chonarthacha i gcás earraí nó seirbhísí a dhíoltar ar líne nuair a bhíonn an díoltóir bunaithe i mBallstát amháin agus an tomhaltóir ina chónaí i mBallstát eile.
Táimse den tuairim, áfach, nach bhfuil na córais shaorálacha atá i bhfeidhm chun aighnis a réiteach uaillmhianach a ndóthain agus nach gcuireann siad réiteach ar fáil i gcás díospóidí inmheánacha intíre. Ní mór, ar mhaithe lena chinntiú go mbíonn tionchar dearfach ceart ag an tseirbhís, go gcuirfí clár ama cinnte i bhfeidhm do phróiseáil na ngearán faoin gcóras seo.
Anuas air sin, tacaím le moltaí i dtaca le ról na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí a neartú ionas go mbeadh muintir an AE in ann freagraí a fháil iontu ar a gceisteanna tomhaltais ar fad agus molaim go ndéanfaí níos mó chun tomhaltóirí agus lucht trádála a chur ar an eolas faoin tseirbhís sin."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples