Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-01-15-Speech-2-230-500"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130115.20.2-230-500"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Vótáil mé i bhfábhar na tuarascála seo agus a bhfuil ann maidir leis an riarachán agus maorlathas atá i gceist le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) a shimpliú. Is an príomhionstraim atá ag an AE leis an ndlúthpháirtíocht a chur i bhfeidhm é an CDAE, lena chuirtear chúnamh airgeadais suntasach ar fáil do na Ballstáit nó réigiúin sin a bhíonn buailte ag mórthubhaiste. Mar atá faoi láthair, áfach, tá i bhfad an-iomarca ama ag teastáil leis an gCiste a dháileadh agus níl na spriocanna a leagadh amach i dtosach dó á mbaint amach. Bronnadh cúnamh airgid de 13 milliún euro ar Éirinn ag deireadh na bliana 2010 i ndiaidh tuilte tubaisteacha na bliana 2009. Léiríonn sin go bhfuil fiúntas ag baint leis an gciste agus go gcuireann sé cúnamh airgid ar fáil do na Ballstáit i gcás tubaiste ach ní mór feidhmiú an Chiste a fheabhsú ionas go laghdaítear ar an tréimhse ama a bhíonn ann idir tubaiste agus dáileadh an airgid ar an mBallstát ina dtarlaíonn an tubaiste sin."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples