Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2012-12-11-Speech-2-382-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20121211.27.2-382-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Vótálamar i bhfabhar na tuarascála seo toisc go bhfuil sé fíorthábhachtach go rachaimis i ngleic le bagairt na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh (FAAF).
Tá an scéal níos measa anois mar go bhfuil frithsheasmhacht in aghaidh ildrugaí le haithint in orgánaigh bhaictéaracha áirithe, rud a chuireann isteach ar an rogha do chóir leighis do dhaoine agus ainmhithe araon.
Tacaímid le moltaí na tuarascála maidir le haghaidh a thabhairt ar an ualach breise atá ar chórais sláinte na hEorpa de bharr galraithe ó FAAF. Tá 2.5 milliún lá sa bhreis á gcaitheamh in ospidéil an AE, na hIorua agus na hÍoslainne mar thoradh ar ghalruithe atá frithsheasmhach ar dhrugaí.
Vótálamar Mír 28 a bhaint amach, áfach, toisc a thábhachtaí atá bealach na beatha ainmhí: ní bhíonn gá faoin gcóras sin ainmhithe a láimhseáil, seachnaíonn sé strus agus cuireann sé leas ainmhithe chun cinn. Ós rud é gur faoi oideas amháin a dháiltear na cógais beatha ainmhí uile agus go bhfuil oideas tréidliachta riachtanach faoin reachtaíocht reatha (Airteagal 67(aa) de Threoir 2001/82/CE arna leasú ag Treoir 2004/28/CE) nuair is ainmhí a tháirgíonn bia atá i gceist, creidimid go bhfuil na bearta cuí cearta i bhfeidhm cheana féin chun a chinntiú go n-úsáidtear i gceart cógais tréidliachta."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples