Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2007-01-31-Speech-3-061"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
lpv:document identification number
"en.20070131.16.3-061"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spokenAs
lpv:translated text
"A Uachtaráin, tá dualgas ar an Aontas Eorpach a bheith ina gceannródaithe agus dul i ngleic leis na fadhbanna a chothaíonn athrú aeráide. I measc na gcéimeanna a chaithfear a chur i bhfeidhm, tá siad seo a leanas: Úsáid Fuinnimh Inmharthana Inathnuaite a mhéadú san Eoraip; Laghdú 20% ar a laghad a dhéanamh ar sceitheadh CO2 san Eoraip; Barántas a thabhairt go mbeidh muide san Eoraip i bhfad níos éifeachtaí ó thaobh ídiú fuinnimh de. Tá muid ag cur an iomarca fuinnimh amú inár dtithe agus inár gcomhlachtaí ó lá go lá. Caithfidh an tAontas Eorpach chuile fhóram idirnáisiúnta a úsáid chun a chinntiú go dtabharfaidh tíortha uile an domhain mhóir tacaíocht dár n-iarrachtaí. Caithfear ceannasaíocht a ghlacadh ar an bhfadhb seo láithreach. Tá seacht mBallstát is fiche san Aontas Eorpach anois, rud a thugann ról lárnach, tábhachtach dúinn inár gcath in aghaidh athrú aeráide. Tá deireadh le briathra, caithfear gníomhú. Agus mar fhocal scoir, tá ról againne uile san fhadhb seo a réiteach. Caithfidh muid athruithe nósmhaireachta a chur i bhfeidhm sa bhaile agus inár dtithe féin agus mar a deireann muid sa nGaeilge: 'Ní hé lá na gaoithe lá na scolb'. Tá brón orm faoin mbriseadh isteach sin a tharla níos túisce."@en1

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph