Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2015-10-08-Speech-4-206-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20151008.25.4-206-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, vótáil mé i bhfabhar na tuarascála seo chomh maith agus is dóigh liom go bhfuil an-jab déanta ag an rapóirtéir Tajani agus ag na daoine eile atá ag cabhrú leis.
Déanfaidh sé seo an-mhaitheas d’eacnamaíocht na hEorpa i gcoitinne. Mar a dúradh, tá níos mó agus níos mó oibre á déanamh anois trasna teorainneacha agus ar an idirlíon agus mar sin de, dá bhrí sin tá sé an-tábhachtach go mbeadh rialacha soiléire dochta ag baint leis sin, go háirithe mar a bhaineann le híocaíochtaí. I mo thír féin, tá a lán fiontair bheaga agus mheánmhéide á gcruthú faoi láthair, nó tá siad ann le blianta beaga anuas, agus a lán díobh siúd, beidh siad ag easpórtáil a lán earraí amach anseo thar an idirlíon agus mar sin de.
Dá bhrí sin, chomh fada agus is féidir linn, caithfimid an margadh inmheánach a chríochnú agus a chruthú trasna na hEorpa ar fad, agus cabhróidh sé sin go mór linn amach anseo."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples