Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2014-04-17-Speech-4-229-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20140417.46.4-229-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, aontaím le mo chomhghleacaithe ag cáineadh na ndlíthe diamhaslaithe seo mar atá siad sa Phacastáin. Cinnte tá siad ann le fada, fiú sular bunaíodh an Stát seo i 1947. Dar ndóigh, treisíodh na dlíthe seo i 1980 nuair a chuir an deachtóir leasú leis an dlí agus é ag cur pionós an bháis i bhfeidhm i leith diamhasla.
In 2013, cuireadh i leith scór agus ceathrar déag go raibh siad ciontach i ndiamhasla agus faoi láthair tá sé dhuine dhéag ann atá ciontaithe chun báis agus fiche duine eile a bhfuil téarma príosúin fad saoil orthu. Níl aon chiall leis seo, agus caithfimid ár ndícheall a dhéanamh chun deireadh a chur leis seo agus go háirithe chun na dlíthe sa Phacastáin a bheith bord ar bord le tuiscint nua-aimseartha."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples